Maidir leis an tionscadal

Is tionscnamh oileán é Áiteanna Cruthaitheacha Oileáin Iarthar Chorcaí atá maoinithe ag an gComhairle Ealaíon agus ag Comhairle Contae Chorcaí. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal infheistíocht leanúnach sna healaíona a thógáil agus deiseanna a chruthú do chláir áitiúla ealaíon ar na 7 n-oileán: Oileán Chléire, Inis Arcáin, Inis Uí Drisceoil, An tOileán Fada, Faoide, An tOileán Mór agus Oileán Baoi Mairfidh an tionscadal 3 bliana, le tréimhse feidhmithe ó 2023 go 2025 agus is deis spreagúil é smaoineamh go fadtéarmach agus tógáil go mall.

Fís: Rannpháirtíocht fhadtéarmach sna healaíona in Oileáin Iarthar Chorcaí, áit a ndéantar sláine pobail agus áite a fhorbairt agus a chothú ag áitritheoir, le háitritheoirí agus ar a son.

Misean: teacht aniar cultúrtha faoi stiúir an phobail a fhorbairt agus a chothú ar fud na seacht nOileán in Iarthar Chorcaí a bhfuil cónaí orthu, agus é seo a dhéanamh ar bhealach fadtéarmach, fiúntach a thacaíonn le leas comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch na háite.

Aidhmeanna: Féachfaidh Áiteanna Cruthaitheacha Oileáin Iarthar Chorcaí le rochtain ar rannpháirtíocht sna healaíona a fheabhsú ach sócmhainní cultúrtha agus fisiciúla áite a nascadh agus a chur chun cinn, scrúdú criticiúil a dhéanamh ar shamhlacha cultúrtha nua, samhlacha reatha chomh maith le cinn dhúchasacha, samhlacha a imríonn tionchar ar shaol na n-oileán agus a thugann éifeacht don saol céanna. Déanfar é seo trí chleachtas ealaíon atá faoi stiúir an phobail agus atá dírithe go sóisialta, ag cruthú cláir fhadtéarmacha inbhuanaithe agus a mbeidh tionchar acu; trí naisc idir-oileáin a fhorbairt trí bhonneagar cultúrtha comhroinnte a bhaineann le healaíontóirí áitiúla agus idirnáisiúnta. Úsáid na Gaeilge a chur chun cinn in éineacht leis an speictream teangacha eile a úsáidtear ar fud Oileáin Iarthar Chorcaí.

LUACHANNA: → Ionchuimsitheacht → Éagsúlacht → Ceiliúradh

Rialachas

Tá Áiteanna Cruthaitheacha Oileáin Iarthar Chorcaí faoi stiúir Chomhairle Contae Chorcaí agus áirítear leis cuibhreannas de ghníomhaireachtaí ealaíon agus forbartha áitiúla amhail Grúpa Thionscadail an Oileáin Mhóir, Cumann Forbartha Inis Arcáin, Comharchumann Chléire agus Uillinn: Ionad Ealaíon Iarthar Chorcaí.  

Comhpháirtíocht

Tá an Grúpa Comhpháirtíochta comhdhéanta d’ionadaithe ó ghníomhaireachtaí ealaíon agus forbartha áitiúla  

  • Comharchumann Chléire
  • Cumann Forbartha Inis Arcáin (Inis Arcáin, An tOileán Fada agus Inis Uí Drisceoil)
  • Grúpa Thionscadail an Oileáin Mhóir (Oileán Baoi, Faoide agus An tOileán Mór), 
  • Uillinn – Ionad Ealaíon Iarthar Chorcaí
  • Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí    

Taighde & Comhordú Tionscadail     

Tá Comhordaitheoir an Tionscadail (Peter Prendergast) freagrach as an tionscadal a bhainistiú ó lá go lá, oibríonn sé go dlúth leis an gComhpháirtíocht ag forbairt glaonna amach, ag bainistiú páirtithe leasmhara, agus ag éascú rannpháirtíocht an phobail. Tá sé i gceannas ar fhís fhadtéarmach an tionscadail chomh maith agus oibreoidh sé ar fud na 7 n-oileán chun cabhrú le tionscadail a fhorbairt i gcomhar le pobail na n-oileán agus leis an nGrúpa Comhpháirtíochta.

Ár gComhpháirtíocht