Ár ngairmeacha oscailte

Is clár forbartha pobail uaillmhianach trí bliana bunaithe ar an gcultúr é Áiteanna Cruthaitheacha Oileáin Iarthar Chorcaí, clár atá d’oileáin Iarthar Chorcaí agus atá bunaithe orthu. Tá sé mar aidhm ag Áiteanna Cruthaitheacha ceangal a dhéanamh le daoine, ealaíontóirí agus áiteanna, chun smaointe a chumasú le forbairt ina ngníomhartha cruthaitheacha a spreagtar ag pobail na n-oileán agus a shaibhríonn na pobail chéanna. Baineann Áiteanna Cruthaitheacha le leas a bhaint as cumhacht na cruthaitheachta, an chultúir agus na n-ealaíon chun tacú le pobail Oileáin Iarthar Chorcaí agus chun iad a chothú.       

Tá dhá ghairm oscailte againn faoi láthair, Ealaíontóir/Cruthaitheoir Oileánach agus Léiriú Spéise. Táimid ag tabhairt cuireadh do dhaoine ó na hoileáin agus na ceantair máguaird dul i dteagmháil linn chun smaointe nó réimsí spéise atá agat a mholadh a d’fhéadfadh leas a dhéanamh do shaol sóisialta agus cultúrtha do cheantair.

Tá an scéim Ealaíontóir/Cruthaitheoir Oileánach ar fáil d’ealaíontóir, daoine cruthaitheacha, grúpaí pobail agus daoine aonair a bhfuil cónaí orthu ar Oileán Chléire, Inis Arcáin, Inis Uí Drisceoil, An tOileán Fada, Faoide, An tOileán Mór nó Oileán Baoi. Níl aon spriocdháta iarratais ar na dámhachtainí seo faoi láthair.

Tá an Léiriú Spéise ann d’ealaíontóirí, daoine cruthaitheacha, grúpaí pobail agus daoine aonair a bhfuil cónaí orthu ar na hoileáin seo agus sna ceantair máguaird spéis sa tionscadal a léiriú agus a dtionscadail chruthaitheacha féin a mholadh. Níl aon spriocdháta iarratais ar na dámhachtainí seo faoi láthair.

Ár gComhpháirtíocht