Cruthaitheacht, Cultúr & na hEalaíona

Trasna Seacht nOileán Iarthar Chorcaí

Cad é Áiteanna Cruthaitheacha Oileáin Iarthar Chorcaí?

Is clár forbartha pobail uaillmhianach trí bliana (2023 – 2025) bunaithe ar an gcultúr é Áiteanna Cruthaitheacha Oileáin Iarthar Chorcaí, clár atá d’oileáin Iarthar Chorcaí agus atá bunaithe orthu. Tá sé mar aidhm ag Áiteanna Cruthaitheacha ceangal a dhéanamh le daoine, ealaíontóirí agus áiteanna, chun smaointe a chumasú le forbairt ina ngníomhartha cruthaitheacha a spreagtar ag pobail na n-oileán agus a shaibhríonn na pobail chéanna.

Creat

Tá ár gcreat bunaithe ar ionchuimsitheacht agus éagsúlacht le fréamhacha i gcleachtas atá rannpháirteach go sóisialta agus i bprionsabail forbartha pobail. Tógfaimid ar láidreachtaí cultúrtha reatha a bhaineann leis na hoileáin agus cruthóimid eispéiris ealaíon den scoth do phobail áitiúla 

Tosaíochtaí

I measc ár bpríomhthosaíochtaí tá machnamh a dhéanamh orthu siúd a bhíonn eisiata go minic ó rannpháirtíocht sna healaíona, chun aon bhacainní ar chuimsiú a shárú agus deiseanna a chruthú chun páirt a ghlacadh i ndéanamh gníomhaíochtaí ealaíon agus taitneamh a bhaint astu.

Creative Places West Cork Islands

Aidhmeanna

Tá neartú na gcleachtas áitiúil ealaíon comhaimseartha & traidisiúnta ríthábhachtach dár n-aidhmeanna agus tá inbhuanaitheacht ár n-oileán amach anseo lárnach don tionscadal seo. Tá sé mar aidhm againn rannpháirtíocht agus caidrimh idir-oileáin a neartú idir na hOileáin agus ár gcomharsana cois cósta.   

Conas Is Féidir Leat a Bheith Páirteach

Glac páirt

Inár gclár beidh meascán de thionscadail aonair, tionscadail ghrúpa agus tionscadail phobalbhunaithe. Beidh tionscadail mhóra agus bheaga mar chuid de. Chuirfimis fáilte roimh rannpháirtíocht ghníomhach mar dhuine cruthaitheach, mar bhall den lucht féachana agus mar bhall den phobal.

Glac páirt sa chomhrá

Déan teagmháil linn le do chuid smaointe nó moltaí maidir leis an méid a d’fhéadfadh a bheith i gceist le hÁiteanna Cruthaitheacha, anois agus amach anseo

Déan Iarratas ar Mhaoiniú Tionscadail

Tá dhá shnáithe maoinithe againn faoi láthair, Ealaíontóir/Cruthaitheoir Oileánach & Léiriú Spéise.

Baineann Áiteanna Cruthaitheacha le leas a bhaint as cumhacht na cruthaitheachta chun tacú le pobail Oileáin Iarthar Chorcaí agus chun iad a chothú.

Déan Teagmháil Linn

Má tá tionscadal ar intinn agat, má tá tú ag obair ar thogra trí na gairmeacha oscailte nó más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi na deiseanna a bhaineann le hÁiteanna Cruthaitheacha Oileáin Iarthar Chorcaí, déan teagmháil linn.

Áiteanna Cruthaitheacha Oileáin Iarthar Chorcaí, Leabharlann an Sciobairín, An tSráid Thuaidh, An Sciobairín, Co. Chorcaí. P81 PW10.

Ár gComhpháirtíocht